12 Bheannaigh agus mhóraigh sé cuid díobh;naomhaigh agus dhruid ina chóngar féin a thuilleadh díobh.Chuir sé mallacht ar chuid eile acu agus d'ísligh iad,agus thiomáin sé as a láithreacha iad.
13 Dála na cré i láimh an chriadóra,[le múnlú] mar is mian leis,mar sin atá an duine i láimh an té a chum é,le tabhairt dó de réir mar a bheartaíonn sé.
14 Seasann an mhaith in aghaidh an oilc,agus an bheatha in aghaidh an bháis;a dhálasan leis an bpeacach in aghaidh an fhíréin.
15 Caith súil mar sin ar oibreacha uile an Té is Airde;táid ina gcúplaí ceann in aghaidh an chinn eile.
16 Ba mise ba dhéanaí a bhí ag fairemar a bheadh gráinseoir i ndiaidh na meithile.
17 De dheonú Dé bhain mé an tosach de chách;agus líon mé mo chantaoir mar a dhéanfadh fear den mheitheal.
18 Meabhraigh nach ar mo shon féin amháin a rinne mé saothar,ach ar son gach duine atá ag lorg teagaisc.