26 Fág an obair faoin daorán agus tóg féin go bog é;má fhágann tú a lámha gan ghnó, rachaidh sé ar lorg na saoirse.
27 Déanfaidh cuing agus gad an muineál a chromadh;don daor urchóideach tá ceapa agus pianta.
28 Cuir ag obair é chun nach n‑eireodh sé díomhaoin;múineann an díomhaointeas a lán urchóide.
29 Cuir chun saothair é mar is dual;mura ngéilleann sé, cuir meáchan lena gheimhle.
30 Ná héiligh an iomad ó aon duine,agus ná déan aon bheart éaganta.
31 Mura bhfuil agat ach aon daor amháin, caith leis mar a dhéanfá leat féin,óir beidh gá agat leis ó chroí.
32 Mura bhfuil agat ach aon daor amháin, caith leis mar a dhéanfá le bráthair,mar beidh tú ag brath air, mar a bheifeá ort féin.