4 Bíodh do chuid cainte ullamh agat agus gheobhaidh tú éisteacht;cruinnigh d'fhoghlaim agus tabhair do fhreagra.
5 Is cuma nó roth trucaile croí an amadáin,agus is cuma a smaointe nó mol ag casadh.
6 Is cuma stail thnúthach nó cara searbhasach;bíonn sé ag seitreach cibé a bhíonn ag marcaíocht air.
7 Cén fáth ar fearr lá ná lá eileós rud é gurb ón ngrian solas gach lae sa bhliain?
8 In aigne Dé a rinneadh an difir eatarthu;agus eisean a dheighil séasúir agus féilte ó chéile.
9 Rinne sé cuid díobh a mhóradh agus a naomhú,agus d'áirigh sé a thuilleadh díobh ina ndálaigh.
10 As an talamh a d'eascair gach duine,agus as an deannach a cruthaíodh Ádhamh.