9 Rinne sé cuid díobh a mhóradh agus a naomhú,agus d'áirigh sé a thuilleadh díobh ina ndálaigh.
10 As an talamh a d'eascair gach duine,agus as an deannach a cruthaíodh Ádhamh.
11 Dhifrigh an Tiarna óna chéile iad in iomláine a eolais,agus cheap sé a mbealaí ar leith dóibh.
12 Bheannaigh agus mhóraigh sé cuid díobh;naomhaigh agus dhruid ina chóngar féin a thuilleadh díobh.Chuir sé mallacht ar chuid eile acu agus d'ísligh iad,agus thiomáin sé as a láithreacha iad.
13 Dála na cré i láimh an chriadóra,[le múnlú] mar is mian leis,mar sin atá an duine i láimh an té a chum é,le tabhairt dó de réir mar a bheartaíonn sé.
14 Seasann an mhaith in aghaidh an oilc,agus an bheatha in aghaidh an bháis;a dhálasan leis an bpeacach in aghaidh an fhíréin.
15 Caith súil mar sin ar oibreacha uile an Té is Airde;táid ina gcúplaí ceann in aghaidh an chinn eile.