11 Ná tairg breab dó; ní ghlacfaidh sé uait í;ná cuir do mhuinín in íobairt éagórach.
12 Óir is breitheamh é an Tiarna,agus is ionann íseal agus uasal aige.
13 Ní dhéanfaidh sé leathchuma ar an duine bocht,ach éistfidh sé le hachainí an té a ndearnadh éagóir air.
14 Ní thabharfaidh sé cluas bhodhar d'achainí an dílleachta,ná don bhaintreach nuair a inseoidh sí a scéal dó.
15 Ná sileann na deora ar ghrua na baintrí,agus í ag glaoch in aghaidh an té faoi deara iad?
16 An té a fhónann le dea-thoil, glacfar leis,agus bainfidh a achainí na néalta féin amach.
17 Gabhann guí an duine uirísil trí na néalta suas,agus ní bhfaighidh sé sólás go mbainfidh sí ceann sprice amach.