13 Ní dhéanfaidh sé leathchuma ar an duine bocht,ach éistfidh sé le hachainí an té a ndearnadh éagóir air.
14 Ní thabharfaidh sé cluas bhodhar d'achainí an dílleachta,ná don bhaintreach nuair a inseoidh sí a scéal dó.
15 Ná sileann na deora ar ghrua na baintrí,agus í ag glaoch in aghaidh an té faoi deara iad?
16 An té a fhónann le dea-thoil, glacfar leis,agus bainfidh a achainí na néalta féin amach.
17 Gabhann guí an duine uirísil trí na néalta suas,agus ní bhfaighidh sé sólás go mbainfidh sí ceann sprice amach.
18 Ní stopfaidh sé choíche go dtabharfaidh an té is Airde aird air,agus go seasfaidh sé ceart don dream macánta agus go dtabharfaidh sé breithiúnas uaidh.
19 Ní dhéanfaidh an Tiarna aon mhoill,ná ní dhéanfaidh sé foighne ar a son,