2 Nuair a dhéanann sé comaoin a chúiteamh tugann sé tabhartas uaidh de phlúr mín;nuair a thugann sé déirc uaidh, ofrálann sé íobairt mholta.
3 Tarraing siar ón mallaitheacht agus beidh gnaoi an Tiarna ort;tréig an t‑éigeart agus déanfaidh tú leorghníomh leis.
4 Ná tar folamh i láthair an Tiarna; mar tá na nithe seo uile dlite de bharr na haithne.
5 Is maise don altóir é tabhartas an fhíréin;éiríonn boladh cumhra uaidh i láthair an Té is Airde.
6 Is inghlactha ag an Tiarna íobairt an fhíréin;ní ligfear i ndíchuimhne í go brách.
7 Tabhair glóir don Tiarna go fial flaithiúil;ná bí gann faoi chéadtorthaí do lámh.
8 Nuair a thugann tú tabhartas uait, bíodh aoibh an gháire ar d'aghaidh,agus coisric do dheachú le háthas.