8 Nuair a thugann tú tabhartas uait, bíodh aoibh an gháire ar d'aghaidh,agus coisric do dheachú le háthas.
9 Tabhair don Té is Airde mar a thugann sé duit -chomh fial fairsing agus is acmhainn duit.
10 Óir is é an Tiarna a chúiteoidh an chomaoin sin leat,agus cúiteoidh sé leat í faoi seacht.
11 Ná tairg breab dó; ní ghlacfaidh sé uait í;ná cuir do mhuinín in íobairt éagórach.
12 Óir is breitheamh é an Tiarna,agus is ionann íseal agus uasal aige.
13 Ní dhéanfaidh sé leathchuma ar an duine bocht,ach éistfidh sé le hachainí an té a ndearnadh éagóir air.
14 Ní thabharfaidh sé cluas bhodhar d'achainí an dílleachta,ná don bhaintreach nuair a inseoidh sí a scéal dó.