18 Caitheann an goile gach sórt bia,ach is fearr bia ná a chéile.
19 Mar a fhaigheann an carball blas an ghéim,sin mar a aithníonn croí an eagnaí briathra éithigh.
20 Gineann an croí urchóideach dobrón,ach díolfaidh fear na taithí an comhar leis.
21 Tógfaidh bean aon fhear mar chéileach is fearr iníon ná iníon eile.
22 Cuireann scéimh mná aoibh ar an ngnúis,agus is í is mó a shantaíonn an fear.
23 Má bhíonn blas na cneastachta agus na humhlaíochta ar a teanga,níl leithéid a fir le fáil i measc daoine.
24 An té a fhaigheann bean, faigheann sé togha fáltais,lámh chúnta a dhiongbhála agus crann [taca].