2 Ardaigh do lámh in aghaidh na gciníocha eachtrannacha,agus lig dóibh do chumas a fheiceáil.
3 Faoi mar a naomhaíodh thú ionainne os a gcomhairsean,go móraítear thú iontusan os ar gcomhairne.
4 Tugaidís aitheantas duitse faoi mar a aithnímidnenach bhfuil aon Dia ann ach thú, a Thiarna.
5 Tabhair comharthaí nua uait agus déan nithe iontacha eile;déan glóir a ghnóthú do do láimh agus do do ghéag dheas.
6 Adhain d'fhearg agus doirt amach do chuthach;scrios an t‑eascara agus díothaigh an namhaid.
7 Brostaigh an uain agus cuimhnigh ar an spriocam;agus bíodh d'éachtaí i mbéal na ndaoine.
8 Go loisctear an té a thagann slán i bhfraoch na feirge,agus go raibh an díothú i ndán do lucht urchóide a dhéanamh ar do phobal.