21 Tógfaidh bean aon fhear mar chéileach is fearr iníon ná iníon eile.
22 Cuireann scéimh mná aoibh ar an ngnúis,agus is í is mó a shantaíonn an fear.
23 Má bhíonn blas na cneastachta agus na humhlaíochta ar a teanga,níl leithéid a fir le fáil i measc daoine.
24 An té a fhaigheann bean, faigheann sé togha fáltais,lámh chúnta a dhiongbhála agus crann [taca].
25 An gabháltas gan fál, déanfar slad air;an fear gan chéile, beidh sé ag osnaíl ar seachrán.
26 Cé ag a mbeadh muinín as bithiúnach aclaí,a bheadh ag imeacht ó chathair go cathair?
27 A dháltasan ag an duine gan bhaile,agus a bhuaileann faoi cibé áit ina mbeireann an oíche air.