8 Go loisctear an té a thagann slán i bhfraoch na feirge,agus go raibh an díothú i ndán do lucht urchóide a dhéanamh ar do phobal.
9 Basc cinn lucht ceannais an namhad,iad siúd a deir: “Níl ann ach sinn féin amháin.”
10 Cruinnigh le chéile treibheanna uile Iacóib;tabhair dóibh an oidhreacht mar a bhí acu ar dtús.
11 Déan trócaire, a Thiarna, ar an bpobal ar tugadh d'ainm féin orthu;ar Iosrael a bhí amhail céadghin agat.
12 v Bíodh trua agat do do chathair naofa,do Iarúsailéim, d'áit chónaithe féin.
13 Líon Síón le hamhráin do mholta,agus do [theampall] le do ghlóir.
14 Tabhair fianaise orthu siúd a chruthaigh tú ar dtús,agus comhlíon na tairngreachtaí a rinneadh i d'ainm.