15 Agus seachas é sin go léir, iarr ar an té is Airdedo chéimeanna a threorú i mbealach na fírinne.
16 Tús gach saothair an réasún,agus téann comhairle roimh gach beart.
17 [Tá fréamhacha] na smaointe go doimhin sa chroíagus sceitheann siad ceithre géaga -
18 An mhaith agus an t‑olc, an bheatha agus an bás,agus is í an teanga is máistreás orthu i gcónaí.
19 D'fhéadfadh fear a bheith ildánach agus mórán a oiliúintach a bheith neamhthairbheach dó féin.
20 D'fhéadfadh fuath a bheith d'fhear na bhfocal cliste;fágfar ar an ngannchúis bia é.
21 Óir níor ghnóthaigh sé gnaoi an Tiarna,mar tá an eagna in easnamh go hiomlán air.