2 Nach dólás maraitheach énuair a dhéanann namhaid de chompánach agus de chara?
3 A mheanma urchóideach cén fáth ar ceapadh thúleis an tír a chlúdach le brat calaoise?
4 Baineann comrádaí áirithe suáilceas as sonas a charad,ach in am a thrioblóide, iompóidh sé ina aghaidh.
5 Cabhraíonn comrádaí áirithe le cara ar son a ghoile,agus nuair a bhagraíonn an cath, tógann sé chuige a sciath.
6 Ná déan dearmad ar chara i do chroí istighagus ná caith as do cheann é nuair a éiríonn tú saibhir.
7 Beidh comhairle le tabhairt ag gach comhairleoir,ach ar mhaithe leo féin a thugann cuid acu é.
8 Bí ar d'fhaire leis an gcomhairleoir,agus faigh amach ar dtús cad tá ar na bioráin aigele heagla go bhfaigheadh sé an buntáiste ort- mar beidh sé ag tochras ar a cheirtlín féin.