21 Óir níor ghnóthaigh sé gnaoi an Tiarna,mar tá an eagna in easnamh go hiomlán air.
22 D'fhéadfadh duine a bheith eagnaí de réir a thuairime féin,agus fómhar a chríonnachta a bheith iontaofa ar bhreith a bhéil féin.
23 Déanfaidh an fear eagnaí a phobal féin a theagasc,agus beidh fomhar a chríonnachta iontaofa.
24 Líonfar an t‑eagnaí le beannachtaí,agus déarfaidh an mhuintir a fheicfidh é gur méanar dó.
25 Déantar saol an duine a ríomh ina laethanta,ach níl áireamh ar laethanta Iarúsailéim.
26 Tuillfidh an t‑eagnaí iontaoibh i measc a phobail,agus mairfidh a ainm go brách.
27 A mhic, déan promhadh ar do ghoile i gcaitheamh do shaoil,agus féach cad a ghoilleann air, agus ná tabhair dó é;