4 Baineann comrádaí áirithe suáilceas as sonas a charad,ach in am a thrioblóide, iompóidh sé ina aghaidh.
5 Cabhraíonn comrádaí áirithe le cara ar son a ghoile,agus nuair a bhagraíonn an cath, tógann sé chuige a sciath.
6 Ná déan dearmad ar chara i do chroí istighagus ná caith as do cheann é nuair a éiríonn tú saibhir.
7 Beidh comhairle le tabhairt ag gach comhairleoir,ach ar mhaithe leo féin a thugann cuid acu é.
8 Bí ar d'fhaire leis an gcomhairleoir,agus faigh amach ar dtús cad tá ar na bioráin aigele heagla go bhfaigheadh sé an buntáiste ort- mar beidh sé ag tochras ar a cheirtlín féin.
9 Agus go ndéarfadh sé: “Tá tú ar an mbóthar ceart,”agus go seasfadh sé i leataobh ansin féachaint cad a éireoidh duit.
10 Ná glac comhairle ón té a thugann súil mhuice ort,agus ceil do ghnó ar lucht d'éada.