1 Ní amhlaidh don té a chaitheann díograis a anmaag machnamh ar dhlí an Té is Airde;rachaidh sé ar thóir eagna na seanóirí go léir,agus déanfaidh scrúdú ar na fáithe.
2 Caomhnóidh sé ráitis na bhfear ainmniúilagus déanfaidh sé taighde i ndoimhne na bparabal.
3 Lorgóidh sé ciall dhiamhair seanfhocal,agus beidh sé eolgaiseach ar rúin pharabal.
4 Déanfaidh sé fónamh i measc flathaagus feicfear os comhair lucht ceannais é;déanfaidh sé taisteal sa choigríoch,óir tá promhadh déanta aige ar mhaith agus olc i measc daoine.
5 Cuirfidh sé roimhe mochóirí a dhéanamh leis an Tiarna a rinne é a lorgagus déanfaidh sé achainí i láthair an té is Airde;osclóidh sé a bhéal in urnaí,agus déanfaidh sé guí faoina pheacaí.
6 Más toil leis an Tiarna mór é,líonfar é de spiorad na tuisceana;titfidh briathra na heagnaíochta ina bhfrasa óna bhéal,agus gabhfaidh sé buíochas le Dia san urnaí.