14 Tugaigí cumhracht uaibh ar nós na túise;bláthaigí ar nós na lile;scaipigí an mus agus canaigí laoi mholta;molaigí an Tiarna ar son a oibreacha go léir.
15 Móraigí a ainm,tugaigí moladh agus buíochas dóle laoithe in bhur mbéal agus ceol ó bhur lireanna;ní mór daoibh é mholadh mar leanas:
16 “Nach álainn iad oibreacha uile an Tiarna!cuirfear gach ní a ordaíonn sé i gcrích gan mhoill!”ná deirtear: “Céard é seo? Cad chuige é siúd?”mar déanfar gach ní a iniúchadh ina uain.
17 Le focal uaidh, stadann an t‑uisce ina charn,agus le briathar a bhéil líontar na taiscumair uisce.
18 Le hordú uaidh déantar mar is áil leis,agus ní féidir d'aon duine a chumas slánaithe a laghdú.
19 Tá oibreacha gach dúile os a chomhair,agus ní féidir aon ní a cheilt ar a shúile;
20 Síneann réim a radhairc ó cheann ceann na síoraíochtaagus níl aon ní iontach ina shúile.