18 Le hordú uaidh déantar mar is áil leis,agus ní féidir d'aon duine a chumas slánaithe a laghdú.
19 Tá oibreacha gach dúile os a chomhair,agus ní féidir aon ní a cheilt ar a shúile;
20 Síneann réim a radhairc ó cheann ceann na síoraíochtaagus níl aon ní iontach ina shúile.
21 Ná deirtear: “Ceard é seo? Cad chuige é siúd?”óir cruthaíodh gach ní le feidhm ar leith.
22 Clúdaíonn a bheannacht an talamh tirim mar a dhéanfadh abhainn,agus bánn é mar a dhéanfadh tuile.
23 Ar an tslí sin a bheidh fraoch a fheirge mar oidhreacht ag na náisiúin,faoi mar a rinne sé sáile den fhíoruisce.
24 Is réidh iad a bhealaí do na cráifigh,ach is lán de chonstaicí iad do na hurchóidigh.