23 Ar an tslí sin a bheidh fraoch a fheirge mar oidhreacht ag na náisiúin,faoi mar a rinne sé sáile den fhíoruisce.
24 Is réidh iad a bhealaí do na cráifigh,ach is lán de chonstaicí iad do na hurchóidigh.
25 Cruthaíodh nithe fónta ó thus do na dea-dhaoine,agus mar an gcéanna urchóidí do na peacaigh.
26 Is iad na bunriachtanais do bheatha an duine,ná uisce, tine, iarann, salann,plúr cruithneachta, bainne, mil,sú na fíniúna, ola, agus éadach.
27 Is maith iad sin go léir do na fíréinach déantar olc díobh do na peacaigh.
28 Tá gaotha ann a cruthaíodh le díoltas a imirt,agus le linn a fheirge sciúrsálann siad go géar.
29 Tine agus cloch shneachta, gorta agus plá,- cruthaíodh iadsan go léir le fonn díoltais.