28 Tá gaotha ann a cruthaíodh le díoltas a imirt,agus le linn a fheirge sciúrsálann siad go géar.
29 Tine agus cloch shneachta, gorta agus plá,- cruthaíodh iadsan go léir le fonn díoltais.
30 Fiacla na n‑ainmhithe allta, scairpeanna, nathracha,agus claíomh an díoltais le héagráifigh a scrios,
31 Comhlíonann siadsan go léir a ordú le lúcháir,agus ullmhaíodh ar talamh iad d'aon ghnó a bheadh díobh;nuair a thiocfaidh an t‑am ní dhiúltóidh siad dá bhriathar.
32 Uime sin bhíos cinnte de ó thús,rinne mé mo mhachnamh air agus scríobh mé síos é:
33 Is maith iad oibreacha uile an Tiarnaagus déanfaidh sé gach gá a shásamh i dtráth.
34 Agus níl sé le rá: “Is measa é seo ná é siúd,”mar cruthóidh gach ní go maith ar a uain.