6 Más toil leis an Tiarna mór é,líonfar é de spiorad na tuisceana;titfidh briathra na heagnaíochta ina bhfrasa óna bhéal,agus gabhfaidh sé buíochas le Dia san urnaí.
7 Cuirfidh sé dea-threoir ar a intinn agus ar a eolas,agus déanfaidh sé machnamh ar a rúndiamhra folaithe.
8 Léireoidh sé an teagasc a tugadh dó,agus beidh sé mórtasach as dlí chonradh an Tiarna.
9 Molfaidh na sluaite a chumas tuisceana,agus ní ligfear i ndearmad é go deo;ní rachaidh a chuimhne ar ceal,agus mairfidh a ainm ó ghlúin go glúin.
10 Fogróidh ciníocha a eagna,agus comórfaidh an comhthionól a mholtaí.
11 Má mhaireann sé i bhfad, sáróidh a cháil míle;má fhaigheann sé bás, ní beag sin dó.
12 Tá a thuilleadh le rá agam, toradh mo mhachnaimh,agus táim lán suas de, dála na lánré.