8 Léireoidh sé an teagasc a tugadh dó,agus beidh sé mórtasach as dlí chonradh an Tiarna.
9 Molfaidh na sluaite a chumas tuisceana,agus ní ligfear i ndearmad é go deo;ní rachaidh a chuimhne ar ceal,agus mairfidh a ainm ó ghlúin go glúin.
10 Fogróidh ciníocha a eagna,agus comórfaidh an comhthionól a mholtaí.
11 Má mhaireann sé i bhfad, sáróidh a cháil míle;má fhaigheann sé bás, ní beag sin dó.
12 Tá a thuilleadh le rá agam, toradh mo mhachnaimh,agus táim lán suas de, dála na lánré.
13 Éistigí liom a chlann bhúidh, agus tagadh bláth oraibh,mar a thiocfadh ar rós ag fás ar bhruach sileáin.
14 Tugaigí cumhracht uaibh ar nós na túise;bláthaigí ar nós na lile;scaipigí an mus agus canaigí laoi mholta;molaigí an Tiarna ar son a oibreacha go léir.