1 A mhíc, ná diúltaigh slí bheatha don bhocht,agus ná cuir moill ar shúile na ngátarach.
2 Ná goill ar an ocrach,agus ná cuir fearg ar an té atá ar an ngannchuid.
3 Ná cuir le trioblóidí fhear na feirge,agus brostaigh le do dhéirc don bhacach.
4 Ná diúltaigh an té a dhéanann achainí chugat ó umar na haimléise;agus ná tabhair an t‑eiteachas don bhochtán.