2 Ná goill ar an ocrach,agus ná cuir fearg ar an té atá ar an ngannchuid.
3 Ná cuir le trioblóidí fhear na feirge,agus brostaigh le do dhéirc don bhacach.
4 Ná diúltaigh an té a dhéanann achainí chugat ó umar na haimléise;agus ná tabhair an t‑eiteachas don bhochtán.
5 Ná hiompaigh do shúil ón duine atá i ngátar,agus ná tabhair leithscéal d'aon duine mallacht a chur ort;
6 Óir, má chuireann duine mallacht ort le barr seirfin chroí,tabharfaidh a chruthaitheoir cluas dá urnaí.
7 Tuill cion an chomhthionóil,agus crom do cheann go humhal d'fhear an údaráis.
8 Tabhair cluas don bhocht,agus freagair é go síochánta cneasta.