20 A mhic, bí ag faire na faille, agus seachain an t‑olc,agus ná tabhair náire anama duit féin.
21 Óir tá náire ann a ghineann an peaca,agus tá náire ann ar glóir agus gnaoi í.
22 Ná déan leathchuma ar dhuine, rud a mbeifeá thíos leis;agus ná bí ag lútáil le haon duine, rud a mhillfeadh thú.
23 Ná diúltaigh labhairt in am an ghátair;[agus ná ceil d'eagna].
24 Óir aithnítear an eagna ón mbriathar,agus an t‑oideachas ó fhocail an bhéil.
25 Ná bréagnaigh an fhírinne,ach bíodh scáth ort toisc d'aineolais.
26 Ná bíodh náire ort do pheacaí a admháil,agus ná bí ag dréim le tuile na habhann.