25 Ná bréagnaigh an fhírinne,ach bíodh scáth ort toisc d'aineolais.
26 Ná bíodh náire ort do pheacaí a admháil,agus ná bí ag dréim le tuile na habhann.
27 Ná bí ag lútáil le hamadán,agus ná bíodh lé agat le duine cumhachtach.
28 Troid go bás ar son na fírinne,agus fearfaidh Dia cath thar do cheann.
29 Ná bí bagrach briathar,ná spadánta leisciúil beart.
30 Ná bí mar leon sa bhaile,ná i do chnáimhseálaí ar do shearbhóntaí.
31 Ná bíodh do lámh sínte amach ag súil le breith,ach dúnta in am an riartha.