4 Ná diúltaigh an té a dhéanann achainí chugat ó umar na haimléise;agus ná tabhair an t‑eiteachas don bhochtán.
5 Ná hiompaigh do shúil ón duine atá i ngátar,agus ná tabhair leithscéal d'aon duine mallacht a chur ort;
6 Óir, má chuireann duine mallacht ort le barr seirfin chroí,tabharfaidh a chruthaitheoir cluas dá urnaí.
7 Tuill cion an chomhthionóil,agus crom do cheann go humhal d'fhear an údaráis.
8 Tabhair cluas don bhocht,agus freagair é go síochánta cneasta.
9 Fuascail as láimh an ghéarleantóra an té ar a bhfuil sé ag luí;ná bí suarach ag tabhairt breithiúnais;
10 Bí i d'athair ag na dílleachtaí,agus chomh maith le céile dá máthair;beidh tú mar mhac leis an Té is Airde,agus tabharfaidh sé grá duit thar mar a dhéanfadh do mháthair.