1 Ceapadh mórchuid anró do gach duine,agus tá cuing throm ar chlann Ádhaimh,ón lá a thagann siad as broinn a máthargo dtí an lá a fhilleann siad ar mháthair na n‑uile.
2 Sé a líonann a gcroí le buairt agus le heagla,sé is crá agus imní dóibh ná lá an bháis;
3 Ón bhfear a shuíonn i ríchathaoir thaibhseachgo dtí an t‑ainniseoir ina luí i ndeannach agus luaithreach,
4 Ón té ar a bhfuil éide chorcra agus coróingo dtí an té atá gleasta in éadach róin,níl ach fearg agus éad, suaitheadh agus cíor thuathail,eagla báis agus cuthach agus achrann.
5 Nuair a luíonn duine ar a leabaní dhéanann codladh ach a aigne a bhuaireamh.
6 Is ar éigean a bhíonn sé imithe chun suain,nuair a shuaitear é trína chodladh ag taibhsí ina aigne,amhail is dá mba [é lár an lae é];is cuma é nó fear ag teitheadh ó chath;
7 Dúisíonn sé ar noiméad a fhuascailteagus ionadh air nach raibh bonn lena scéin.