23 Is tráthúil i gcónaí é bualadh le cara nó le comrádaí,ach is fearr ná ceachtar acu dála an fhir agus a chéile.
24 D'uain an anró deartháireacha nó lámh chúnta,ach is fearr an déirc chun tarrthála ná ceachtar acu.
25 Teannta daingean don chois ór agus airgead,ach is fearr dea-chomhairle ná ceachtar acu.
26 Tugann maoin agus neart ardú croí,ach is fearr eagla an Tiarna ná ceachtar acu;ní ghabhann cailliúint le heagla an Tiarna,agus ní gá cabhair a lorg ina teannta.
27 Is cuma nó parthas beannaithe eagla an Tiarna,agus is fearr a chludaíonn sí duine ná aon ghlóir.
28 Ná tuill do bheatha mar fhear déirce, a mhic ó;is fearr an bás ná bheith beo ar dhéirc.
29 Ní féidir saol an té a mbíonn a shúil ar bhord duine eilea mheas ina shaol ar aon chor;truaillíonn sé é féin le bia duine eile;sheachnódh fear eolgaiseach dea-thógtha a leithéid.