4 Ón té ar a bhfuil éide chorcra agus coróingo dtí an té atá gleasta in éadach róin,níl ach fearg agus éad, suaitheadh agus cíor thuathail,eagla báis agus cuthach agus achrann.
5 Nuair a luíonn duine ar a leabaní dhéanann codladh ach a aigne a bhuaireamh.
6 Is ar éigean a bhíonn sé imithe chun suain,nuair a shuaitear é trína chodladh ag taibhsí ina aigne,amhail is dá mba [é lár an lae é];is cuma é nó fear ag teitheadh ó chath;
7 Dúisíonn sé ar noiméad a fhuascailteagus ionadh air nach raibh bonn lena scéin.
8 An uile dhúil, idir dhuine agus ainmhí,- agus seacht n‑uaire níos measa ná sin na peacaigh,
9 Sé tá i ndán dóibh: bás, doirteadh fola, achrann, claíomh,tubaistí, gorta, trioblóid agus plá.
10 Do na coirpigh a cruthaíodh na nithe sin go léir,agus tháinig an díle dá mbarr.