9 Sé tá i ndán dóibh: bás, doirteadh fola, achrann, claíomh,tubaistí, gorta, trioblóid agus plá.
10 Do na coirpigh a cruthaíodh na nithe sin go léir,agus tháinig an díle dá mbarr.
11 Gach a dtagann ón gcré, filleann siad ar an gcré;gach a dtagann ón uisce, filleann siad ar an bhfarraige.
12 Scriosfar gach breabaireacht agus éagóir,ach mairfidh an iontaoibh go brách.
13 Rachaidh saibhreas na n‑éagórach i ndísc mar an tulca,agus pléascfaidh sé mar thoirneach mhór bháistí.
14 Cuirfear áthas ar an [bhfear croí mhóir],ach teipfidh glan ar lucht an iomarbhais.
15 Beidh ceapa na n‑éagráifeach ar bheagán géag;fréamhacha míghlana iad ar charraig mhaol.