1 A bhás, nach searbh é cuimhneamh ort,don té atá faoi shíocháin i measc a mhaoine,don té atá gan bhuairt agus ag éirí leis i ngach gnóagus a bhfuil sé ar a chumas a bhia a chaitheamh le flosc.
2 A bhás, bíonn fáilte roimh do bhreithag an té atá ar an ngannchúis agus an neart ag teip air,é anonn go mór sna blianta agus é ciaptha clipthe ag an saol,cnuig air agus deireadh na foighne caite aige.
3 Ná bíodh eagla ort roimh bhreith an bháis;cuimhnigh ar na laethanta a bhí agus ar chríoch do shaoil.
4 Sé seo breith an Tiarna ar gach dúil bheo,agus conas is féidir duit diúltú do chinneadh an Té is Airde?Bíodh deich nó céad nó míle bliain d'fhad saoil agat,ní chuirfear aon cheist faoi i Seól.
5 Is gránna an pór iad clann na bpeacachagus taithíonn siad pluaiseanna na n‑éagráifeach;
6 Rachaidh meath ar oidhreacht chlann na bpeacach,agus beidh náire bhuan ar a síol.
7 Cuirfidh a chlann milleán ar athair éagráifeachmar go mbíonn siad faoi aithis dá bharr.