12 Bí aireach i dtaobh d'ainm, mar fanfaidh sé agatníos buaine ná míle mórchiste óir.
13 Líon cinnte laethanta a mhaireann saol maith,ach maireann dea-cháil go brách.
14 Coinnígí mo theagasc, a chlann ó, agus bíodh síocháin in bhur measc;an eagna fholaigh agus an ciste i bhfolach -cén tairbhe ceachtar díobh?
15 Is fearr an duine a cheileann a bhaoisná an duine a cheileann a eagna.
16 Uime sin bíodh urraim agat do m'fhocail,mar ní maith é gach sort náire a chothú,ná ní dhéanann gach aon duine gach cúinse a mheas ina cheart.
17 Bíodh náire ort faoi dhrúisiúlacht os comhair d'athar agus do mhathar;agus náire faoi éitheach os comhair taoisigh agus flatha;
18 Agus faoi choir i láthair breithimh agus rialtóra:agus faoi chionta i láthair chomhthionól an phobail;