18 Agus faoi choir i láthair breithimh agus rialtóra:agus faoi chionta i láthair chomhthionól an phobail;
19 Agus faoi éagóir i láthair chomrádaí nó carad;agus faoi ghoid i láthair do chomharsana i do thimpeall;
20 Bíodh náire ort i láthair fírinne Dé agus a chonartha;[bíodh náire ort] faoi uillinn a leagan ar an mbord;
21 Faoi a bheith ciotrúnta ag glacadh nó ag riar;faoi bheith i do thost leis an muintir a bheannaíonn duit;
22 Faoi stánadh ar mheirdreach;faoi chúl a thabhairt le duine gaoil;
23 Faoi chuid nó bronntanas duine eile a bhreith leat:faoi bheith ag suirí le bean duine eile;
24 Faoi bheith ag cur isteach ar a dhaoirseach,- fan amach óna leaba;