4 Sé seo breith an Tiarna ar gach dúil bheo,agus conas is féidir duit diúltú do chinneadh an Té is Airde?Bíodh deich nó céad nó míle bliain d'fhad saoil agat,ní chuirfear aon cheist faoi i Seól.
5 Is gránna an pór iad clann na bpeacachagus taithíonn siad pluaiseanna na n‑éagráifeach;
6 Rachaidh meath ar oidhreacht chlann na bpeacach,agus beidh náire bhuan ar a síol.
7 Cuirfidh a chlann milleán ar athair éagráifeachmar go mbíonn siad faoi aithis dá bharr.
8 Is mairg daoibhse, a éagráifeacha,a thréig dlí Dé is airde.
9 Nuair a rugadh sibh, rugadh le haghaidh mallacht sibh,agus nuair a fhaigheann sibh bás, tá mallacht i ndán daoibh.
10 Gach a dtagann as an gcré, filleann sé ar an gcré;teann na héagráifigh ón mallacht chun na díthe.