2 Faoi dhlí an té is Airde agus faoin gconradh;faoi shaorbhreith a thabhairt ar an éagráifeach,
3 Faoi chuntas a choimeád le [comrádaí slí];faoi oidhreacht mhaoine a fhágáil ag cairde;
4 Faoi chruinneas ag meá agus ag tomhas;faoi bheagán nó mórán a ghnóthú;
5 Faoi bhrabús a dhéanamh i gcúrsaí gnó;faoi smacht dian a bheith ar leanaí;faoi dhaor urchóideach a léasadh go doirteadh fola.
6 Is maith é an séala ag plé le drochbhean chéile;agus cuir glas ar do chuid san áit ina mbíonn a lán lámh.
7 Cibé rud a bhíonn á riar agat, déan é de réir uimhreacha agus tomhais;i gcás dáileadh agus cnuasach, coimeád cuntas i scríbhinn.
8 Ná bíodh náire ort faoi cheartú a chur ar dhaoi nó ar amaid,nó ar sheanóir aosta a bhíonn dian ar an aos óg;ansin beidh tú oilte dáiríre,agus beidh meas ort os comhair an tsaoil.