1 Chuir an Tiarna fear trócaireach ar fáil as a shíol,fear ar a raibh gnaoi an uile dhuine,agus ar thug Dia agus duine grá dó,Maois a bhfuil a chuimhne faoi bheannacht.
2 Rinne sé ar aon dul i nglóir leis na naoimh é,agus mhóraigh é le scanradh a chur ar a naimhde.
3 Chuir sé deireadh le hiontais trí bhriathra [Mhaois],agus thug sé onóir dó i láthair ríthe;thug sé aitheanta dó dá phobalagus nocht dó cuid dá ghlóir.
4 Naomhaigh sé é le dílse agus le ceansacht,agus thogh é as an cine daonna uile.