10 Chuir sé air an éide bheannaithe d'ór agus de ghormagus de chorcra agus de shaothar broidnéireachta;agus oracal an bhreithiúnais, an tÚirím agus an Tuimímde chraorag cas, saothar ceardaí:
11 Agus líoga lómhara gearrtha mar shéalaí,i leaba airgid, saothar gabhann ghil,mar chuimhniú, lena scríbhinní greanta,ar threibheanna Iosrael de réir a lín.
12 Agus lann óir ar a chaidhp,agus séala coisricthe greanta uirthi,ornáidíocht thar barr, scoth saothair,maisiúlacht a chuirfeadh gliondar ar an tsúil.
13 Roimh a ré ní raibh riamh a leithéid de mhaise;níor chuir aon duine deoranta uime riamh iadseachas a chlann mhac féin agus a shliocht go brách.
14 Bhí a íobairtí le huileloscadhdhá uair sa lá gan teip.
15 Rinne Maois é a choisreacanagus a ungadh le hola bheannaithe;ba chonradh síoraí aige é,agus ag a shliocht, fad a mhairfidh na flaithis,le seirbhís a dhéanamh don Tiarna agus fónamh mar shagart,agus an pobal a bheannú ina ainm.
16 Roghnaigh sé é thar an uile dhuine beole híobairtí a ofráil don Tiarna,túis agus cumhracht mar chuid chuimhneacháin,le leorghníomh a dhéanamh ar son an phobail.