17 Thug sé a aitheanta ar iontaoibh dó,agus chuir reachtanna an dlí faoina chúram,lena reachtanna a theagasc do Iacób,agus lena dhlí a shoilsiú d'Iosrael
18 Rinne daoine lasmuigh comhcheilg ina aghaidh,agus bhíodar in éad leis san fhásach:Dátán agus Aibíorám agus a gcuid fear,Corach agus a chomplacht i bhfraoch feirge.
19 Chonaic an Tiarna é sin agus níor mhéin leis é,agus scriosadh iad i gcuthach a fheirge;rinne sé éachtaí ina n‑aghaidh lena n‑ídiú sa tine loiscneach.
20 Chuir sé breis le glóir Árón,agus thug oidhreacht dó;chinntigh sé tús na gcéadtorthaí dó,agus d'ullmhaigh arán na gcéadtorthaí go flúirseach.
21 Óir itheann siad íobairtí an Tiarna,mar thug sé dó féin agus dá shliocht iad.
22 Ach níl fad d'oidhreacht aige i dtalamh a mhuintire,ná aon chuid aige leis an bpobal;óir is é an Tiarna féin a chuid roinne agus a oidhreacht.
23 Tá Píneachás mac Eileázár sa tríú háit i nglóir,de bharr a dhúthracht in eagla an Tiarna,agus de bhrí gur sheas sé an fód, nuair a thug an pobal cúl,le barr daingine agus dílseacht croí,agus de bhrí go ndearna sé leorghníomh thar ceann Iosrael.