23 Tá Píneachás mac Eileázár sa tríú háit i nglóir,de bharr a dhúthracht in eagla an Tiarna,agus de bhrí gur sheas sé an fód, nuair a thug an pobal cúl,le barr daingine agus dílseacht croí,agus de bhrí go ndearna sé leorghníomh thar ceann Iosrael.
24 Bunaíodh conradh síochána leis dá bharrsan,le go mbeadh sé ina cheannaire ar an sanctóir agus ar an bpobal,agus go mbeadh dínit na sagartachtaaige féin agus ag a shíol go brách.
25 Bunaíodh conradh chomh maith le Dáiví,mac Ieise, de threibh Iúdá,comharbacht ríoga ó athair go mac amháin;ach tá a shíol go léir i gcomharbacht ar Árón.
26 Go dtuga an Tiarna eagna in bhur gcroí,le breith a thabhairt go fíréanta ar a phobal,i dtreo nach rachadh a suáilce ar ceal,agus go mairfeadh a nglóir ó ghlúin go ghlúin.