5 Lig sé dó a ghlór a chlosagus sheol amach é faoin dorchacht thiubh;thug sé dó na haitheanta aghaidh ar aghaidh,agus dlí na beatha agus an fheasa,leis an gconradh a theagasc do Iacób,agus a bhreitheanna d'Iosrael.
6 D'ardaigh sé Árón, deartháir Mhaois,fear naofa mar é de threibh Léiví.
7 Rinne sé conradh síoraí leis,agus thug dó sagartacht an phobail,mhaisigh sé é le héidí taibhseacha,agus chuir fallaing ghlórmhar uime:
8 Ghléas sé é le barr maiseagus neartaigh é le comharthaí sóirt an údaráis,briste, fallaing agus éafód.
9 Chuir sé pomagránaití ina thimpeall,agus cloigíní óir go flúirseach thart air,le bualadh le gach coiscéim,i dtreo go gcloisfí a nglór sa Teampall,mar chuimhniú do chlann a mhuintire.
10 Chuir sé air an éide bheannaithe d'ór agus de ghormagus de chorcra agus de shaothar broidnéireachta;agus oracal an bhreithiúnais, an tÚirím agus an Tuimímde chraorag cas, saothar ceardaí:
11 Agus líoga lómhara gearrtha mar shéalaí,i leaba airgid, saothar gabhann ghil,mar chuimhniú, lena scríbhinní greanta,ar threibheanna Iosrael de réir a lín.