12 Go raibh bláth as a gcnámha in áit a lonnaithe,agus go raibh ainm na muintire a fuair onóirbeo arís ina gclann mhac.
13 Ba é Samuéil muirnín an Tiarna;ba fháidh leis an Tiarna é agus bhunaigh sé an ríocht,agus d'ungaigh sé rialtóirí ar a phobal.
14 Thug sé breith ar an gcomhthionól de réir dhlí an Tiarna,agus thug an Tiarna aire do Iacób.
15 Aithníodh ina fháidh é de bharr a dhílseachta,agus ba fhios gur físí iontaofa é ar a bhriathra.
16 Ghlaoigh sé ar an Tiarna, an té atá cumhachtach,nuair a bhrúigh a naimhde air ó gach taobh,agus d'ofráil sé uan diúil mar íobairt.
17 Bhúir an Tiarna ó na flaithis,agus thug a ghlór á chloisteáil ina thoirneach thréan.
18 Scrios sé ceannairí na Tuíre,agus rialtóirí uile na bhFilistíneach.