2 Nár ghlórmhar é ag ardú a lámh,agus ag síneadh a chlaímh in aghaidh na gcathracha!
3 Cé a sheas chomh daingean leis riamh roimhe sin?óir rinne sé cogaí an Tiarna a fhearadh.
4 Nár choimeád a lámh an ghrian ar gcúl?nach ndearnadh amhail dhá lá den aon lá amháin?
5 Ghlaoigh sé ar an té is Airde, an Tréan,agus na naimhde á thimpeallú ó gach taobh;d'fhreagair an Tiarna Mór é le clagarnach clocha.
6 D'fhear sé cogadh ar an gcine údagus ag Fána [Bhéit Horon] scrios sé an céile comhraic,i dtreo go mbeadh eolas ag na ciníocha ar a ghaisce,agus go mbeadh a fhios acu gur in aghaidh an Tiarna a bhí a gcogadh.
7 Óir leanadh sé an Tréan,agus le linn Mhaois thug sé seirbhís dhúthrachtach,eisean agus Cálaeb mac Iafuna;mar sheas siad an fód in aghaidh an chomhthionóil go léir,agus chosc siad an peaca ar an bpobal,agus chiúnaigh siad a monabhar coiriúil.
8 Caomhnaíodh an bheirt sin amháin,as sé chéad míle a bhí sa siúl,lena dtabhairt isteach ina n‑oidhreacht,i dtír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.