8 Caomhnaíodh an bheirt sin amháin,as sé chéad míle a bhí sa siúl,lena dtabhairt isteach ina n‑oidhreacht,i dtír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.
9 Thug an Tiarna neart do Chálaeb,neart a mhair aige go dtí a sheanaois,i dtreo go ndeachaigh sé faoi na hardáin suasagus go bhfuair a chlann iad mar oidhreacht;
10 Le go bhfeicfeadh clann Iosrael uilegur maith é an Tiarna a leanúint.
11 Na breithiúna chomh maith, gach duine díobh, de réir a ghlaoch,nár thit a gcroí in íoladhradh,agus nár thug cúl riamh leis an Tiarna,go raibh beannachtaí ar a gcuimhne!
12 Go raibh bláth as a gcnámha in áit a lonnaithe,agus go raibh ainm na muintire a fuair onóirbeo arís ina gclann mhac.
13 Ba é Samuéil muirnín an Tiarna;ba fháidh leis an Tiarna é agus bhunaigh sé an ríocht,agus d'ungaigh sé rialtóirí ar a phobal.
14 Thug sé breith ar an gcomhthionól de réir dhlí an Tiarna,agus thug an Tiarna aire do Iacób.