1 Ina dhiaidh siúd, d'éirigh Nátán suas,le fáistine a dhéanamh le linn Dháiví.
2 Amhail a dhealaítear an gheir ón íobairt shíochána,sin mar a dealaíodh Dáiví ó chlann mhac uile Iosrael.
3 Bhíodh sé ag súgradh le leoin faoi mar ba mheannáin iad,agus le mathghamhna faoi mar ba uain an tréada iad.
4 Nuair nach raibh ann ach gasúr nár mharaigh sé fathach,agus nár thóg sé an aithis dá mhuintir,nuair a d'ardaigh sé a lámh le cloch ina chranntabhailllenar leag sé Góla ar lár ina dhíomas?