1 Ina dhiaidh siúd, d'éirigh Nátán suas,le fáistine a dhéanamh le linn Dháiví.
2 Amhail a dhealaítear an gheir ón íobairt shíochána,sin mar a dealaíodh Dáiví ó chlann mhac uile Iosrael.
3 Bhíodh sé ag súgradh le leoin faoi mar ba mheannáin iad,agus le mathghamhna faoi mar ba uain an tréada iad.
4 Nuair nach raibh ann ach gasúr nár mharaigh sé fathach,agus nár thóg sé an aithis dá mhuintir,nuair a d'ardaigh sé a lámh le cloch ina chranntabhailllenar leag sé Góla ar lár ina dhíomas?
5 Óir ghlaoigh sé ar an Tiarna, an té is Airde,agus thug seisean neart dá dheasláimh,chun laoch láidir cogaidh a threascairt,agus chun cumhacht a mhuintire a mhéadú.
6 Thug siadsan an chraobh dóas ucht an deich míle fear [a mharú],agus ag móradh an Tiarna dóibh mhol siad é,nuair a bhronn siad coróin ghlórmhar air.