16 Shroich d'ainm oileáin san imigéinagus bhí grá duit ar son do shíochána.
17 Rinne na críocha iontas díot de bharr do laoithe,do sheanfhocal agus do sholaoidí.
18 In ainm an Tiarna Dia,ar a dtugtar Dia Iosrael,bhailigh tú ór mar a dhéanfaí stán,agus cheannaigh tú airgead mar a dhéanfaí luaidhe.
19 Ach shín tú do leasracha taobh le mná,agus cloíodh thú trí do cholainn.
20 Thug tú aithis ar do ghlóir,agus truailliú ar do shliocht,i dtreo gur thug tú cuthach ar do chlann,agus gur cúis bhróin leo do dhíth céille;
21 Scoilteadh an flaitheas ina dhá chuid,agus d'eascair ríocht easumhal as Eafráim.
22 Ach ní thréigfidh an Tiarna a thrócaire go deo,ná ní scriosfaidh aon chuid dá bhriathra go deo;ní dhíothóidh sé sliocht a thofaigh go brách,ná ní mhillfidh sé síol an té a thug grá dó;thug sé iarmhar do Iacób dá bhrí sin,agus do Dháiví fréamh dá cheap.