6 Thug siadsan an chraobh dóas ucht an deich míle fear [a mharú],agus ag móradh an Tiarna dóibh mhol siad é,nuair a bhronn siad coróin ghlórmhar air.
7 Óir scrios sé na naimhde a bhí thart timpeall air,agus dhíothaigh sé na Filistínigh a sheas ina choinne;agus tá a gcumhachtsan briste aige go dtí an lá inniu fein.
8 I ngach ní díobhsan dá ndearna sé, ghabh sé buíochas,leis an Aon Naofa, an Té is Airde, le briathra molta;chan sé a chuid amhrán óna chroí amachagus thug sé grá don Té a chruthaigh é.
9 Chuir sé [cláirseacha] os comhair na haltóra,ionas go mba bhinnide an chantaireacht a gceol.
10 Chuir sé barr slachta ar na féilte,agus taibhse shollúnta ar na ceiliúrthaí tráthrialta uile,sa chaoi go dtugtaí moladh gan stad d'ainm an Tiarna,agus go mbaintí macalla as an sanctóir ó bhreacadh an lae amach.
11 Mhaith an Tiarna a pheacaí dó,agus mhéadaigh sé a chumhacht go deo;rinne sé conradh ríoga leisagus bhronn air ríchathaoir ghlórmhar in Iosrael.
12 Tháinig mac eagnaí i gcomharbacht air,agus mhair sé go flaithiúil dá bharr.