10 Ainmníodh thú sna bagarthaí brátha le teachtchun fearg an Tiarna a mhaolú roimh an rabharta,chun croíthe na n‑aithreacha a iompú i leith a gclainne,agus chun treibheanna Iacóib a athbhunú.
11 Is méanar dóibh siúd a fheicfidh thú,agus iad siúd a chuaigh chun suain sa ghrá,óir mairfimidne beo chomh maith.
12 Folaíodh Éilias i ngaoth ghuairneáin,ach líonadh Eilíseá lena spiorad;i gcaitheamh a shaoil níor fhéad aon rialtóir é a shuaitheadh;ná níor éirígh le haon duine é a chur faoi smacht.
13 Ní raibh aon obair róthrom dó,agus fiú nuair a bhí sé marbh rinne a chorp tairngreacht.
14 Nuair a bhí sé beo, rinne sé éachtaí,agus b'iontach freisin na nithe a rinne sé tar éis a bháis.
15 Dá ainneoin sin ní dhearna an pobal aithríná níor éiríodar as a bpeacaí,nó gur sciobadh ina gcimí óna dtír iad,agus gur scaipeadh iad ar fud an domhain;
16 Níor fágadh ach beagán den phobal,ach rialtóir acu de theaghlach Dháiví;rinne cuid acu an rud a thaitin [le Dia],ach rinne cuid eile coir ar choir.